faoi

Ba é an tÓstán Wort, i Jackson, Wyoming, an chéad áit ar thosaigh mé a bheith ag seinm cláracha ceoil ann go rialta agus a bheith ag fáil pá ar a son. Blianta roimhe sin, shuigh John Fahey agus Leo Kottke ar an ardán céanna, faoi na soilse céanna, ag seinm ceoil a chruthódh seinm an ghiotáir ar feadh cúpla scór bliain. Is cuimhin liom fós an mothúchán a bhí orm a bheith i mo shuí san áit chéanna. Bhí sé cosúil le bheith i do chodladh le téacsleabhar faoi do philiúr an oíche roimh an scrúdú ailgéabair – cumas trí ghaireacht.

Bhí sé sin sa bhliain 1990, agus ní beag an t-athrú atá ann ó shin. Tar éis cúig bliana i mo chónaí i mo veain agus mé ag seinm seónna thuas agus thíos in iarthar na Stáit Aontaithe agus i gCeanada, tá mo chuid gruaige i bhfad níos gairide, agus tá na línte i m’aghaidh beagán níos doimhne. Is tuismitheoir singil mé agus tá mé ag obair ar Ph.D., agus tá cónaí orm i mbaile in Alasca nach bhfuil bóthar rochtana aige. Tá cur chuige difriúil agam anois ar scríobh agus ar thaibhiú ceoil. Ní bhím ag taifeadú dlúthdhioscaí fós mar ba mhaith liom an dramhaíl a théann isteach inár láithreáin líonta talún a laghdú, agus níor mhaith liom airgead a bhaint amach as daoine ar son m’amhrán mar ghluaiseacht bheartaithe ón mbunlíne a stiúrann an oiread sin denár saolta laethúla, de réir cosúlachta.

Ach bím á scríobh agus canaim iad nuair a dhéanaim seó, agus tugaim uaim do dhaoine saor in aisce iad ar an suíomh seo. Amanna, faoi ghearrfhógra, téim go háiteanna suimiúla mar gheall ar mo chuid oibre Ph.D., agus déanaim iarracht ceolchoirmeacha a shocrú i rith na dturas sin. Téim go Fairbanks agus go hAnchorage ó am go ham.

Ach fiú muna bhfuil tú i do chónaí sna háiteanna sin, nó fiú má tá, tá leathanach na nÍoslódálacha lán le piongainí beaga digiteacha ag fanacht le bheith ag luipearnach thar an bplainéad, ag fágáil lorg sa sneachta.